59 Faoi cheann blianta cuirfidh duine éicint an cheist : “Cé mhéid foireann ar bhuaigh Carna-An Caiseal orthu fadó nuair a thug siad Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe leo i 2012 ?”. Tá súil agam go mbeidh níos mó ná an fhigiúir lom ag an té a fhreagróidh, mar nach bhfuil inseacht an scéil, ná baol air a rá go mba iad peileadóirí an Spidéil, Mhionlaigh, Naomh Pádraigh na Fairche agus Bhaile Átha an Rí a chuir gaiscigh Iorrais Aithnigh de dhroim seoil sa mbliain thábhachtach stairiúil seo i saol an chumainn. Cheithre chumann a claodh ceart go leor, ach b’éigin naoi gcinn de chluichí a imirt sula bhfuair Seosamh Seoige an deis an corn a ardú ar chéimeanna an ardáin i bPáirc an Phiarsaigh an chéad Domhnach stairiúil údaí de mhí Dheireadh Fómhair. Ba é sin an 8ú cuairt ag an bhfoireann ar an bpáirc chéanna sin ó thús an tséasúir agus lean slua breá, glórach lucht féachana iad chuile gheábh de na hocht ngeábh sin – agus faoi dheireadh, tar éis dóibh cliseadh amháin, dhá chomhscór agus cluiche a cuireadh ar athló de bharr na doininne a fheiceáil, bhí an deis faoi dheireadh acu briseadh croí na mblianta beaga seo caite a chur ar neamhní leis an mbua cuimsitheach 12 cúilín ar pheileadóirí Bhaile Átha an Rí. Má bhí faoiseamh thar an ngnáth le naithneachtáil ar chláir éadain pheileadóirí agus lucht leanta Charna-An Chaisil an tráthnóna céanna, ní milleán dóibh sin, mar leis na blianta beaga is iomaí sin cuairt atá tugtha acu ar an tobar – níos minicí ná a chéile thugadar leath-líonadh ar an mbuicéad, scaití eile bhí sé gar de bheith lán ach gur dóirteadh é. An babhta seo an deoir féin níor scaoileadh as go raibh sé líonta go buimbéal agus ansin hiompraíoidh slán, sábháilte go ceann cúrsa é. Níor fágadh tart ar aon duine, geallaimse duit ! I dtús an tséasúir agus na craoibhe, himríodh dhá chluiche den scoth idir Carna-An Caiseal agus an Spidéal. Gan eatarthu ach an t-aon chúilín amháin (1-11,1-10) i nGleann an Chnoic ar Pháirc Mhichíl Bhreathnaigh, áít arbh é an captaen, Seosamh Seoighe a scóráil an cúl an Satharn deireanach de Bhealtaine. I dtús mhí Iúil d’imir na foirne a chéile arís ar Pháirc an Phiarsaigh i gcluiche ina raibh na foirne ar chomhscór ag leathama (0-7, 14), ar chomhscór i gconaí agus gan fanta ach 10 nóiméad agus áit a ndeachaigh an Spidéal chun cinn go gairid ina dhiaidh sin. Ach sna nóiméid chiniúnacha sin chas cinnireacht Niall Uí Chadhain agus cruinneas Mhichíl Uí Chathasaigh an roth – ba iad Carna a scóráil na 3 chúilín dheireanacha agus bhuaigh 0-12, 1-7. Ní théann sciorta den ádh amú ar fhoireann ar bith agus cé go mba bheag dó sin a theastaigh ó Charna-An Caiseal i mbliana, níor bheag an rud é go mba sa gcluiche a himríodh idir an dá comhrach sin in aghaidh an Spidéil, ba mhó a tháinig sé chun solais. B’sin an cluiche dara bachta inar bhuaigh Mionlach orthu 2-11, 0-8. “Cén bhaint atá ag ádh leis an scór sin ?”, a deir tú. Níl aon bhaint aige leis an scór ach ba i gcluiche a d’fhág an cúldoras fós ar oscailt dóibh ba mheasa a d’imir Carna-An Caiseal agus ba lú a gcuid scórála. Thug sé deis dá mbainisteoir, Seán Ó Cualáin léasadh maith teangan a thabhairt dóibh agus iad a chur chun seoil athuair. Thuigeadar nach raibh siad in acmhainn a leithéid a dhéanamh arís má bhí aon éagsúlacht idir a raibh i ndán dóibh i 2012 agus blianta eile – ceacht é a d’fhoghlaim siad go maith agus a chuaigh chun sochair dóibh idir sin agus an cluiche ceannais. Bhí sciorta den ádh freisin orthu nuair a chas Mionlach arís dóibh sa mbabhta ceathrú ceannais. Bhí bunáite na himeartha déanta agus Carna-An Caiseal 3 chúilín chun deireadh ar Pháirc an Phairsaigh ar an Domhnach an 19ú Lúnasa, nuair nach raibh aon rogha ag an réiteoir ach an imirt a chaitheamh i dtraipisí de bharr na báistí agus na draoibe. Ba bheag duine a bhain sochar as droch-shamhradh na bliana 2012, ach bhí peileadóirí Charna-an Chaisil ar chuid acu, mar cé gur scaoileadar beagán uisce isteach an Domhnach dar gcionn ar an bpáirc chéanna, nuair a scaoileadar tús 3 chúilín le gaoth, nó gur tháinig Mionlach ar chomhscór leo faoi dheireadh (0-12, 1-9), ní raibh baol orthu an athimirt a ligean uathu agus bhí farasbarr 5 chúilín ach ansiúd, (0-15, 0-10). Sheasadar athimirt freisin sa mbabhta leathcheannais in aghaidh Naomh Pádraig – athimirt agus am-breise go deimhin, mar ainneoin iad a bheith go maith chun cinn isteach sa dara leath den athimirt, ceadaigh siad scóranna do mhuintir Dhúiche Sheoigheach a thug an breis-ama sin i gceist, gur bhuaigh Carna-An Caiseal 2-15, 3-8. Ní raibh an cluiche ceannais i bhfad ar bith ar siúl nuair ba léir go raibh siad cuid mhaith ní b’fhearr ná Baile Átha an Rí, cé go mba díol imní do Charna-An Caiseal gur thóg sé beagnach ceathrú huaire orthu an chéad scór a aimisiú. Ach a luaithe agus a bhí cúilín Mhichíl Uí Chathasaigh gaibhte thar an trasnán, bhíodar ar a suaimhneas, cé ag an am céanna nach raibh acu ag leathama ach tús cheithre chúilín (0-7, 0-3). Chuir dhá chúilín a scóráil an Seoigheach beagán suaimhnis iontu ar ath-thosaí, bhí an lucht leanta in ann suí siar sna suíocháin go gairid ina dhiaidh sin nuair a scóráil Ó Cadhain cúl – lámh ag Cathasaigh Mhaínse agus ag an gcaptaen sa scór céanna. Bhíodar chun cinn 1-12, 0-6 nuair a chuir cúl Sheáin Uí Chillín an barr ar an iomlán agus 7 nóiméad fanta. 2-13, 0-7 an scór deireanach – bhí ceol agus bonnáin ar an mbóthar ó thuaidh agus ó dheas an tráthnóna sin agus i gCill Chiaráin, i gCarna, ar an gCaiseal agus ar an Sraith Salach go ceann seachtaine. Tuige nach mbeadh ! Comhghairdeachas leo ar fad agus leis an seachtar “Réalt” dá gcuid a roghnaíodh ar fhoireann sár-pheileadóirí idiamheánach na bliana – Colm Mac an Rí, Seán Seosamh Ó Cuirrín, Seán Ó Cillín, Seosamh Seoighe, Niall Ó Cadhain, Colm Ó Dubháin agus Seán Ó Cathasaigh. BY MÁRTAN Ó CIARDHA GAISCÍGH CHARNA-AN CHAISIL Spéirbhean shásta ag Cluiche Ceannais an Chontae
RkJQdWJsaXNoZXIy MzM2OTY=